Leagann Bord an GBRÁ straitéis leathan agus beartais an GBRÁ amach, a chuirtear chun feidhme agus a sholáthraítear trí cholún struchtúir eagraíochtúil.
Faomhann an Bord pleananna oibriúcháin agus buiséid na Gníomhaireachta agus tá ról maoirseachta aige i ndáil le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Tá Comhaontú maidir le Maoirseacht agus Seachadadh Feidhmíochta agus Seirbhís ag GBRÁ leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Cuimsítear i mBord an GBRÁ 10 bhall, lena n-áirítear 8 bpríomhfheidhmeannach ó chomhairlí contae nó cathrach agus 2 ainmní de chuid an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is iad seo a leanas ballraíocht reatha an Bhoird:
- Paddy Mahon, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Chontae An Longfoirt (Cathaoirleach)
- Richard Shakespeare, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
- Anna Marie Delaney, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Uíbh Fhailí
- Moira Murrell, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Comhairle Contae Chorcaí
- AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Fhine Gall
- Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Chill Dara
- Martin Lydon, Chief Executive, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Shligigh
- Kevin Kelly, Chief Executive, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Mhaigh Eo
- Fiona Quinn, Rúnaí Cúnta, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- Sarah Neary, Príomhchomhairleoir, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreach
Foireann feidhmiúcháin an GBRÁ
Tarmligeann an Bord an fhreagracht as bainistíocht laethúil an GBRÁ don Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus don fhoireann feidhmiúcháin. Tá siad freagrach as cuspóirí corparáideacha a bhaint amach agus as beartas agus straitéis a chur chun feidhme ar fud na Gníomhaireachta. Cuimsítear i bhfoireann feidhmiúcháin an GBRÁ:
Pauline Mulligan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin
Paula Butler, Príomhfheidhmeannach Cúnta
Tá Colún 1, Straitéis Rialtais Áitiúil, Taighde & Cumarsáid
Eamonn Hunt, Príomhfheidhmeannach Cúnta
Tá Colún 2, Tacaíocht Eagraíochtúil an Rialtais Áitiúil
Eddie O'Loughlin, Príomhfheidhmeannach Cúnta
Tá Colún 3, Oibríochtaí GBRÁ, Bainistíocht Clár, Nuálaíocht agus Athchóiriú
Sabahat Khan, Príomhfheidhmeannach Cúnta
Tá Colún 4, Digiteach Rialtais Áitiúil, TFC agus Cibearshlándáil
Geraldine Dunne. Rúnaí Boird/ Bainisteoir Acmhainní Daonna agus Gnóthaí Corparáideacha
Declan Keating, Bainisteoir Airgeadais
Struchtúr na gcolún
Tá an GBRÁ eagraithe ina cholúin, agus tá gach ceann díobh dírithe ar réimse sonrach oibriúcháin.
Colún 1
Tá Colún 1, Straitéis Rialtais Áitiúil, Taighde & Cumarsáid freagrach as taighde, leabharlanna agus cumarsáid chun tacú le húdaráis áitiúla. Soláthraíonn Colún 1 tacaíocht ghnó agus feidhmiúcháin freisin don CCMA agus do 5 Choiste CCMA. Tuilleadh eolais
Colún 2
Tá Colún 2, Tacaíocht Eagraíochtúil an Rialtais Áitiúil freagrach as tacú leis na seirbhísí cúloifige a sholáthraíonn údaráis áitiúla maidir le comhairleach daoine, forbairt ceannaireachta, airgeadas, AD, sláinte & sábháilteacht agus soláthar. Soláthraíonn Colún 2 tacaíocht ghnó agus feidhmiúcháin freisin do 2 Choiste CCMA agus 1 Choiste GBRÁ. Tuilleadh eolais
Colún 3
Tá Colún 3, Oibríochtaí GBRÁ, Bainistíocht Clár, Nuálaíocht agus Athchóiriú freagrach as oibríochtaí inmheánacha GBRÁ i gcomhar le tacú le húdaráis áitiúla le nuálaíocht agus athchóiriú earnála. Soláthraíonn Colún 3 tacaíocht ghnó agus feidhmiúcháin freisin do Bhord GBRÁ agus do 3 Choiste GBRÁ. Tuilleadh eolais
Colún 4
Tá Colún 4, Digiteach Rialtais Áitiúil, TFC agus Cibearshlándáil freagrach as forbairt agus seachadadh na straitéise Digiteach & TFC earnála agus as cleachtais cheannródaíocha a fhorbairt i mBainistíocht TFC agus i seachadadh tionscadal. Soláthraíonn Colún 4 tacaíocht ghnó agus feidhmiúcháin do 1 Choiste GBRÁ freisin.
Colún 5
Is é Colún 5 colún na dTionscadal Náisiúnta atá freagrach as bainistiú agus rialú na dtionscadal mórscála náisiúnta a mbíonn tionchar acu ar údaráis áitiúla.